#leabhar — Public Fediverse posts
Live and recent posts from across the Fediverse tagged #leabhar, aggregated by home.social.
-
Here are some examples of works that are translated from English, with sample chapters.
https://leabharbreac.com/shop/leabhair-nua/ar-luch-agus-ar-dhuine/
https://leabharbreac.com/wp-content/uploads/2020/03/Ar-Luch-agus-ar-Dhuine-SLIOCHT.pdf
(Of Mice and Men - Steinbeck)https://leabharbreac.com/shop/ficsean/duan-na-nollag/
https://leabharbreac.com/wp-content/uploads/2020/11/Duan-na-Nollag-Sampla.pdf
(A Christmas Carol - Dickens)https://leabharbreac.com/shop/ficsean/an-fuadach/
https://leabharbreac.com/wp-content/uploads/2020/04/AnFuadach-sliocht.pdf
(Kidnapped - Stevenson)https://leabharbreac.com/shop/ficsean/oilean-an-orchiste-3/
https://leabharbreac.com/wp-content/uploads/2020/04/Oilea%CC%81n-an-O%CC%81rchiste-sliocht.pdf
(Treasure Island)https://leabharbreac.com/shop/ficsean/cas-aduain-an-dr-jekyll-agus-mhr-hyde/
(Strange Case of Dr Jekyll and Mr Hyde) -
Club #leabhar ag teacht le chéile tráthnóna (17ú) ag 18:00 i Charlie Byrne's #gaillimh chun "An Mianadóir" le Jackie Mac Donnacha a phlé. Scéal deas gearr é, le luas maith agus teanga furasta. An oiriúnach do dhaoine nach bhfuil mórán cleachtadh acu #gaeilge a léamh.
(Ag scríobh é seo, théis sracgoogleáil le chinntiú nach raibh séimhiú in easnamh, chonaic mé an scéal (sean-nuacht) agus an t-imeartas focal iontach seo: "Luas maith, leath na hoibre" https://www.reddit.com/r/ireland/comments/yscphl/anticorruption_garda_returns_medal_after_being/)
-
Club #leabhar #gaeilge na #Gaillimhe i Charlie Byrne's ag 6 inniu (15ú Feabhra). Is é "Aisling nó Iníon A" le Éilís Ní Dhuibhne an leabhar a bheidh á phlé againn. Ní gá go mbeadh sé léite agat, ach seans go gcabhródh sé!
Ciorcal #comhrá dá ndiaidh i McSwiggan's ag ~7, mura bhfuil sé plódaithe le lucht Seachtain na nGiobal...
Dá ndiaidh, seans maith go bhfreastalóidh muid ar an seisiún #trad sa Western Hotel ag a 9.
#Fáilte roimh chách.
-
The article by Patricia Scanlan about Deirdre Purcell reminds me that one of the books that Deirdre Purcell wrote for the Open Door Series of adult literacy novellas edited by Scanlan was translated into Irish - “Tá Jesus agus Billy ag Imeacht go Barcelona” (ISBN: 9781905494669)
https://www.newisland.ie/open-door/clasf8la8x0pytmywunh59m9mv2r4o
-
Leabhra Feabhra 2023
Lascaine 15% ar gach leabhar do mhí Feabhra! -
Tá leabharlann ar fáil ar archive.org, agus tá 822 leabhar Gaeilge ar fáil faoi láthair, sean agus nua. Tá ort cuntas a dhéanamh chun na leabhair a léamh ar líne.
https://archive.org/details/inlibrary?&and[]=languageSorter%3A%22Irish%22
-
Táim díreach tar éis "Na Mairbh a d'Fhill" a chríochnaigh.
Ar fheabhas ar fad. Tá sé beagán seanfhaiseanta ar ndóigh, ach sin chuid dá mealltachta.
Tá cóip de "An tEitleán Dofheicthe" agam freisin, in áit éigin, ach níl a fhios agam cá bhfuil sé go díreach. Tá súil agam go mbeidh mé in ann é a aimsiú go luath!
#Leabhar #Leabhair #LeabhairGaeilge #LeabhraFeabhra #Gaeilge @gaeilge
-
Tá roinnt leabhar ar fáil mar PDF ó Foras na Gaeilge agus CCEA.
https://mastodon.ie/@Sliotar/109309622752353879
https://mastodon.ie/@Sliotar/109400170438364641
https://mastodon.ie/@Sliotar/109791793504500903
Seo ceann eile - https://uk.ccea.org.uk/learning-resources/gasur-chaith-pitseamai-striocacha
Ní r-leabhar iad i ndáiríre, mar ní féidir leat an cló a athrú agus mar sin, ach is féidir iad a léamh ar tháibléad.
-
Ar son Leabhra Feabhra, seo r-leabhar daoibh:
Amstardam
https://www.forasnagaeilge.ie/wp-content/uploads/2020/04/1a68f00f78ad89fdbda9cc6e1e1131a9.pdf
-
#leabhar den scoth é "Madame Lazare" le Tadhg Mac Dhonnagáin. Ceann de na scéalta is fearr a bhfuil léite agam le fada. Cinnte go ndéanfar aistriúchán air sár i bhfad, ach níl an #Gaeilge ró-chasta ann ar aon cor, cé go bhfuil an scríbhneoireacht ana dheas.
Cineál mistéir atá ann, a cheanglaíonn trí chuid de shaol Madame Lazare le chéile, ag déanamh tagairt don bhéaloideas ar na hoileáin, an dara cogadh domhanda agus an nGiúdachas, agus imeacht na haimsire, agus a dtionchair uirthi. Molaim. -
Bhí seans agam bheith ag éisteacht leis an bpodcraoladh sin inné - bhí sé go deas ar fad!
Is féidir leat leabhar de chuid Áine Ní Ghlinn, "Hata Zú Mhamó", a chloisteáil ar SoundCloud freisin:
https://soundcloud.com/cois-life-teoranta/sets/hata-zu-mhamo -
Cúpla seachtain ó shin, d'fhoilsigh mé nasc le "Capall Cogaidh" ar shuíomh an CCEA (https://uk.ccea.org.uk/learning-resources/capall-cogaidh)
Inniu, leabhar do páistí (Rang 3) ar shuíomh Foras na Gaeilge - "An Múinteoir Nua"
https://www.forasnagaeilge.ie/wp-content/uploads/2020/04/a355f55107c4cf285792d3e1fae70a24-1.pdf
Is féidir an leabhar a chloisteáil ar SoundCloud freisin:
Gaeilge na Mumhan - https://soundcloud.com/forasnagaeilge/an-muinteoir-nua
Gaeilge Chonnacht - https://soundcloud.com/forasnagaeilge/an-muinteoir-nua-1
Gaeilge Uladh - https://soundcloud.com/forasnagaeilge/track-1-2 -
Ar mhaith leat leabhar a léamh as Gaeilge?
Tá an leabhar Capall Cogaidh le Micheal Morpurgo ar fáil mar PDF ón gComhairle Curaclaim sa Tuaisceart.
https://uk.ccea.org.uk/learning-resources/capall-cogaidh
Tá cúpla ceann eile ar fáil ar an suíomh sin freisin.